top of page

Eolas Ghinearalta

 

Oifig na scoile

Tá oifig na scoile suite ins an fhoirgneamh ar thaobh na láimhe deise agus tú ag teacht isteach geata na scoile. Bíonn runaí na scoile ar fáil ar an Máirt, Ceadaoin agus Déardaoin le linn an scoil bhliain. Is iondúil go mbíonn an Príomhoide nó an Runaí ins an oifig i rith na seachtaine idir 8.30 agus 4.30.

 

An lá scoile

Tosaíonn an lá scoile ag a 9.00 ar maidin agus leanann an scoil ar aghaidh ón Luan go Déardaoin go dtí 3.40. Ar an Aoine, criochnaíonn an scoil ag 1.10. Bionn an chéad bhriseadh i rith an lae ón 11.00-11.10. Bíonn am lón idir 1.10 agus 1.40. Ní féidir leis an scoil a bheith freagrach as aon scoláire a bhíonn ar  láthair na scoile roimh 8.15 ar maidin. Níl céad ag scoláire suíomh na scoile a fhagáil le linn an lá scoile. Ba chóir go mbeadh chuile scoláire imíthe den suiomh ag 3.40 taobh amuigh de scoláirí atá ag fanacht don bhus nó scoláirí atá istigh do ranganna bhreise nó ranganna staidéar.

Tosaíonn an lá scoile ag a 9.00 ar maidin agus ba chóir go mbeadh chuile scoláire istigh in am don rang.

 

Dialann scoile

Tá dialann scoile ag chuile scoláire sa scoil agus caithfear é a bheith i seilbh an scoláire i gconaí. Is é príomh aidhm an dialann ná cuntas a choinnéail ar obair bhaile. Ciallaíonn obair bhaile obair scríofa agus obair dul siar. Bíonn obair bhaile i gconaí ag scoláirí Ghairmscoil na bPiarsach. Freisin is áis fíor thabhachtach cumarsáide idir an baile agus an scoil an dialann. Déanann an muinteoir ranga seicéail rialta ar an dialann. Cuirfear nóta sa dialann má thagann scoláire isteach gan obair bhaile. Caithfidh an tuismitheoir seo an nóta céanna a shiniú chun a thaispeaint gur fuaireadh an nóta. Cuirfear téacs abhaile muna mbíonn an dialann siníthe. Usáidtear an dialann ar na bealaí seo a leanas chomh maith:

 

  1. Nóta ón dialann le tabhairt isteach má bhíonn an scoláire déanach ag teacht isteach ar maidin.

  2. Nóta ón dialann le tabhairt isteach má bhíonn ar an scoláire an scoil a fhagáil i rith an lae. (Sa chás seo, cuirfidh an tuismitheoir glaoch ar an scoil ar maidin idir 8.30 agus 9.00 chun an chúis a chur i iúl)

  3. Nóta ón dialann le tabhairt isteach má bhíonn an scoláire as láthair ón scoil. (Sa chás seo, cuirfidh an tuismitheoir glaoch ar an scoil ar maidin idir 8.30 agus 9.00 chun an chúis a chur i iúl)

 

Is léir ón bpíosa thuas scríofa an bhéim a chuirtear ar obair bhaile sa scoil seo agus an tabhacht le d’mhac/iníon a bheith i láthair ar scoil ar feadh an scoil bhliain. Tá  ról lárnach ag an tuismitheoir anseo.

 

 

Culaith scoile

Tá culaith éadach ag scolairí na scoile agus ní ghlacfar lena mhalairt ar scoil. Geansaí náibhí le suaitheanas na scoile air agus bristí reatha náibhí a chaithtear le t-léine bán le suaitheanas na scoile taobh istigh den gheansaí.Ní chóir go mbeadh cotaí a chaitheamh sa rang. Ní féidir foghlaim go h-éifeachtach gan a bheith gléasta i gceart. Is féidir gnáth bhróga reatha a chaitheamh. Bíonn spórt ar súil sa scoil ar feadh dhá rang sa tSeachtain. Táthar ag súil go mbeadh athrú éadach ag na scoláírí do na n-imeachtaí seo. Cuireann culaith éadach le dea-iomhá na scoile agus dea-iompar an scoláire.

 

 

Taisceadán

Bíonn deis ag scoláirí taisceadán a fháil ar chíos ón scoil ag tús an scoil bhliain. Moltar do chuile scoláire taisceadán a bheith acu. Moltar dóibh chomh maith a bheith ag tógail na cóipleabhar abhaile leo go rialta. Cuirtear in iúl do na scolairí atá ag usáid na mionriomhairí go mbeadh siad faoi ghlas sna taisceadáin ag an dá bhriseadh i rith an lae. Moltar do scoláirí chomh maith go mbeadh glas láidir acu ar an taisceadán.Le linn spórt ar an gCeadaoin agus le linn cluichí nó ocáidí eile, cuirtear na mionriomhairí sa leabharlann.

Tá seans ag na scoláirí dul chuig na taisceadáin  ar maidin, ag an dá bhriseadh nó ag deireadh an lae. Níl cead ag scoláirí amach chuig na taisceadán idir ranganna ná le linn ranganna.

Ní ghlacann an scoil aon freagracht as ucht aon rud a chailleann an scoláire nó a ghoidtear uaidh an scoláire ar scoil. Caithfidh scoláirí a bheith freagrach as a gcuid maoin pearsanta féin.

 

 

Scéim na leabhair

Tuigeann bainistíocht Ghairmscoil an bPiarsach an chostas a bhíonn ar thuismitheoiri agus iad ag cur na ngasúir ar ais ar scoil ag tús an scoil bhliain. Is de bharr na deacrachtaí seo a chuireann an scoil scéim na leabhair ar fáil do dhaltaí na scoile. Íocann an tuismitheoir táille leis an scoil chuile bhliain chun usáid a bhaint na leabhair scoile. Bíonn an táille seo i bhfad níos ísle ná na leabhair iad féin a cheannacht. Caithfear clúdach a chur ar na leabhair agus aire a thabhairt dóibh. Chun go n-éireoidh leis na scéim, caithfidh chuile theaghlach an táille a íoc. Bíonn na leabhair le tabhairt ar ais ag deireadh an scoilbhliain. Má bhíonn drochbhail orthu, d’fheadfaí an scoláire a chur as an scéim an scoil bhliain dár gcionn.

 


Leabharlann na scoile

Tá leabharlann scoile againn a thugann deis dár scoláirí leabhair a fháil ar iasacht i mBéarla agus i nGaeilge. Cuirtear maoiniú ar fáil do leabhair nua thríd Clár an teastas shóisearaigh agus ón gCoiste Ghairmoideachas. Cuireann muid sa nGairmscoil an-bhéim ar chúrsaí léitheoireacht agus spreagann muid ár scoláirí an deis a thógail chun leitheoireacht a thógáil suas mar chaitheamh aimsire.

 

 

Staidéar tar éis scoile

Cuirtear staidéar i ndiaidh an scoile ar fáil trí lá sa tSeachtain le linn an scoil bhliain. Cuirtear an áis seo ar fáil ón dara bliain suas go bliain na hArdteiste ón 3.40-5.15. Cuireann Clár Criochniú scoile maoiniú ar fáil don staidéar. Caithfear cloí le rialacha chun páirt a ghlacadh. Tá sé tabhachtach nach gcuirfear as do obair na scoláirí eile. Cuireann an gairmtreoraí treoir rialta ar fáil do scoláirí chun staidéar éifeachtach a dhéanamh. Tá treoir bhreise le fáil sa dialann ar leathanach 8a ar chúrsaí obair bhaile.

Gairmchlár na hArdteistiméireachta(ATGO)

Cuirtear an ATGO ar fáil do scoláiri an ceathrú agus an cuigiú bliain. Braitheann tógáil an ábhar seo ar na h-ábhair a roghnaíonn an scoláire sa ceathrú bliain. Déanann na scoláiri an ardteist tradisiúnta chomh maith le dhá rang bhreise don ATGO sa tSeachtain. Ullmhaíonn na ranganna seo na scoláirí do saol na h-oibre i ndiaidh na scoile. Cuireann an chúrsa seo na níthe a fhoghlimtear ar scoil in oiriúntacht do shaol na h-oibre. Déantar an Roinn Oideachas measunú rialta ar obair an scoláire thar treimhse dhá bhliain tri thionscamh. Anuas ar seo, suíonn an scoláire paipéar scríofa le linn scrudú na hArdteiste. 

 

 

Coiste an dtuismitheoirí

Tá coiste na dtuismitheoirí gníomhach sa scoil. Bíonn ról ag an gcoiste i gcursaí polasaí agus forbairt na scoile. Bíonn cruinniú chinn bhliana ann ag tús an scoilbhliain agus cruinníthe i rith na bliana. Tá fáilte roimh thuismitheoiri i gconaí páirt a ghlacadh ar an gcoiste.

 

Cathaoirleach-Aine Uí Ghríofa

Runaí-Nóra Ní Shuilleabháin

Baill an Choiste:Róisin Ní Shuilléabháin, Eibhlín Ní Mhainnín, Áine Uí Chonaire, Aine Ní Dhonnacha, Siobhán Ní Loideain, Ann Marie Ní Niaidh, Caitlín Ní Shuilléabháin, Ristéard Ó Riáin.

 

 

Múinteoir teangmhalaí baile

 

Ráiteas Misean:

Is é an sprioc atá ag an gClár Caidrimh Baile, Scoile & Pobail ná an comhcheangal idir scoil, baile agus eagrais phobail áirithe a chothú, a neartú  agus a chur chun cinn. Cuireann an clár le dul chun cinn oideachasúil an scoláire. Tá sé dírithe ar thuismitheoirí na scoile ach go háirithe orthu siúd atá i mbaol titim amach as an gcóras oideachais gan a gcumas a bheith bainte amach acu.

 

Aidhmeanna an chláir:

Is é bunaidhm an chlair ná comhpháirtíocht a chruthú agus a bhuanú idir an scoil, an baile agus an pobal –rud a rachas chun tairbhe do na scoláirí. Is clár tacaíochta é atá dírithe ar na daoine fásta i saol an duine óg- idir thuismitheoirí/mhúinteoirí/oibrithe pobail srl.

Is iad dhá phríomh sprioc an chláir ná:

 

  • An tuismitheoir a fhorbairt agus a chumasú mar phríomh oideachasóir laistigh den chomhthéacs Baile agus Pobail.

  • Tacú le bainistíocht agus le múinteoirí na scoile timpeallacht taitneamhach a chothú sa scoil, áit gur féidir leis an duine óg a chumas iomlán a bhaint amach.

 

Ról an Chomhordaitheora:

 

Seo leanas réimsí oibre an chomhordaitheora:

  • Cuairteanna Baile:      Tugann an comhordaitheoir cuairt ar theaghlaigh imeallacha an cheantair agus orthu siúd a dteastaíonn tacaíocht uathu ina ról mar thuismitheoir. Cabhraíonn sé seo le nasc níos láidre a chruthú idir an baile agus an scoil, agus le h-aon dúshlán nó deacracht a shárú chomh luath agus is féidir.

  • Cruinnithe:        Bíonn cruinnithe rialta leis an bPríomhoide, an múinteoir gairmthreorach/comhairleach, an múinteoir tacaíocht foghlama, an múinteoir achmhainní, múinteoirí bliana/ranga chun aon eolas cuí a roinnt lena chéile.(faoi rún agus le cead an tuismitheora). Bíonn cruinnithe leis na múinteoirí eile atá ag obair mar HSCL sa cheantar go rialta chun tacaíocht a thabhairt dá chéile agus eolas a roinnt. Is chun barr feabhais a chur ar imeachtaí na scéime a tharlaíonn na cruinnithe seo.

 

  • Cúrsaí do thuismitheoirí:    Eagraítear cúrsaí éagsúla do thuismitheoirí idir chúrsaí acadúla, cúrsaí siamsaíochta agus ceardlanna a bhfuil suim ag tuismitheoirí iontu. Tugann na cúrsaí seo muinín don tuismitheoir, láidríonn sé an nasc idir an scoil agus an baile agus téann sé chun tairbhe an duine óig.

 

  • Pléan DEIS:      Cabhraíonn an comhordaitheoir le foireann na scoile Pléan Ghnímh DEIS a chur le chéile.

 

  • Clár Críochniú Scoile; Coinníonn an comhordaitheoir súil ar dhul chun cinn scoláirí an spriocghrúpa ach go háirithe chun a chinntiú chomh fada agus is féidir go bhfuil freastal á dhéanamh orthu sa chóras.

 

  • Coiste Áitiúil Oideachais:   Is é an sprioc atá ag an gcoiste áitiúil ná ábhar atá bainteach leis an scoil a aithint ag leibhéal an phobail áitiúil. Tugtar le chéile Príomhoidí, Oibrithe Pobail, Altra pobail, múinteoirí, scoláirí chun breathnú ar bhealaigh ar féidir cabhrú le daoine óga sa chóras oideachais.

 

 

  • Eagraíochtaí Aitiúla:  Oibríonn an comhordaitheoir le heagrais áitiúla, stáit, agus deonacha chun tacú le tuismitheoirí agus scoláirí.

 

  • Cúrsaí Inseirbhisí:     Freastalaíonn an comhordaitheoir ar chúrsaí inseirbhísí nuair a chuirtear ar fáil iad.

 


Carrchlós

Moltar do thuismitheoirí an carrchlós trasna ón scoil a usáid chun a cuid gasúir a bhailiú ón scoil i ndiaidh na scoile.

bottom of page